Cartlann Taispeántas

Ag Bailiú

Nollaig 2018

Cruinníonn muid uilig rud inteacht, ní miste cé acu an aithníonn muid é sin nó nach n-aithníonn. Tig leis a bheith ina rud ar bith - peataí, leabhair,  méaracháin, plandaí, éadach, stampaí nó fiú ealaín de chineál éigin. Más maith leat pictiúir, bhuel ansin ar ndóigh is féidir leo a bheith ina riocht ar bith: pictiúir bheannaithe, pictúir teaghlaigh,  gaiscí shlite beatha agus mínealaín fiú. Ar scor ar bith, creidim féin gur ag cruinniú na n-earraí seo agus ansin á socrú ina n-áit fíorgnhíomh na cruthaitheachta ann féin. Tá mo chroí-se istigh i mínealaín agus tá mé á bhailiú ón tús, ar a laghad, den aistear fiche bliain go dtí seo den Gailearaí. Féadaim a rá, más maith leat, go raibh mé ‘san áit cheart ag an am cheart’. Sin ráite, is iomaí sin uair nach dtiocfadh linn fáil a bheith againn ar an rud a mheas muid a bhí go speisialta álainn, siocair nach raibh an t-airgead againn. Agus seo rud nár cheart a choinneáil ceilte: má tá tú i ndáiríre ag iarraidh saothar ealaíne a fháil agus go bhfui tú gann in airgead, ná lig an deis thart chóiche le ceist a chur ar an ghailearaí nó ar an ealaíontóir an mbeifeá ábalta díol ar a shon de réir a chéile - beidh 99% díobh sásta glacadh le sin.

Tá mórán cineálacha bailitheoirí ann: poiblí, príobháideach, corpóraideach &rl., ach caidé a thugann ar dhuine rudaí a bhailiú? Diomaite de na bailitheoirí poiblí nó príobháideach a bhfuil fócas eacnamaíoch acu, déarfainn gur beag duine againn a bheadh den bharúil go raibh ‘bailiúchán’ fíor againn. Tá an íomhá seo againn den bhailitheoir mar dhuine proifisiúnta – ach tá ‘rud éigin’ ar na ballaí ag gach duine againn. Anois, tá seo suimiúil – ná nuair a smaoitíonn tú air, ní miste cá has nó cá háit a tháinig na pictiúir ar do chuid ballaí, is TUSA a phioc iad, is tusa a shocraigh cá háit le hiad a chrochadh; de bhrí sin, is cinnte go dtabharfainn ‘bailiúchán’ orthu. Ní miste cé chomh beag is atá an rogha ar do chuid ballaí, ar dhóigh éigin is eisprisean duitse atá ann agus léiríonn sé d’fhís agus do phaisean.

Go pearsanta, ní dhearna mise ariamh anailís ar na pictiúir a bhailigh muid agus cén fáth ach amháin gur aonán an-láidir é. Anois mar sin féin, lenár gcuid saothar ealaíne taobh amuigh dá gcuid áiteacha ar leith inár mbaile, tchím go bhfuil i ndáiríre téama faoi ‘áit’ i gceist: áit sa domhan a raibh muid ann go fisiciúil, áit gur shamhlaigh muid a bheith ann, na pobail éagsúla, áit a thaobhaigh lenár gcroí, ár gcuid aidhmeanna – is iad seo uilig ‘ealaín áite’ ar dhóigh. Tá a fhios agam gur ionann an méid atá bailithe againn agus modh cuimneacháin, ach domhsa go speisialta thig liom a fheiceáil go bhfuil sruth fineálta de mhothúchán spioradálta ann cibé go samhaltach nó mar scéal. Ach tá sé soiléir go bhfuil tús áite ag an aeistéitic.

Dá bhrí sin, gabh abhaile agus amharc arís ar an mhéid atá bailithe agat agus glac d’am le smaoineamh ar an mhéid atá agat agus cén fáth go bhfuil siad agat. Creid inár bpaisean agus inár mothúchán féin siocair gurb iad a thugann orainn rudaí a bhailiú. Smaoitigh fosta ar rudaí mar frámáil: tig leis seo cur leis an phictiúr nó é a mhilleadh. Ní gá duit an fráma a fuair tú leis an saothar ealaíne a choinneáil ach, níos tábhachtaí ná sin, ná lig don fráma bheith i gceannas ar an phictiúr chóiche. Chomh fada is a bhaineann sé liomsa, níl rialacha ar bith leagtha síos nuair atá tú ag ceannacht ealaíne ach amháin muinín a bheith agat i d’instinn féin agus an rud a bhogann tú a cheannacht. Ar ndóigh, chun seo a dhéanamh caithfidh tú cuairt a thabhairt ar ghailearaithe, agus tá go leor acu sin againn. Ní bhaineann bailiúcháin leis an connoisseur beadaí amháin; coinnigh cuimhne gur leat féin an méid atá bailithe agat agus gur do ‘bhailiúchán pearsanta’ é a chuireann in iúl do mhothúchán agus do phaisean féin – ná lig do dhuine ar bith a mhalairt a inse duit.

Úna Campbell, Nollaig 2018